Mise Áine

January 11, 2011

Blag Nua

Filed under: Uncategorized - Administrator @ 2:29 am

Is féidir mo bhlag nua a léamh ag http://ramhaille.blogspot.com/ anois, a léitheoirí, más mian libh.

Tá an seanbhlag, le mo bhlagmhíreanna ó Aibreán 2009 go Eanáir 2011, le fáil ag http://miseaine.blogspot.com/

January 10, 2011

An Blag Nua Sin

Filed under: Uncategorized - Administrator @ 3:45 pm

Tá fadhb agam le mo bhlag miseaine.blogspot.com, ó bhí an Satharn ann, 8.01.2011. Táim ag fíosrú na faidhbe. Idir an dá linn, ní bheidh fáil agaibh air, a léitheoirí.

Beidh mé ar ais chugaibh go luath, le scéal nua agus le seoladh do bhlag nua, más gá.

April 17, 2009

Bogtha!

Filed under: Uncategorized - Administrator @ 9:49 pm

Is féidir mo bhlag a léamh ag http://miseaine.blogspot.com/ anois. Más mian leat.

April 9, 2009

Ag bogadh

Filed under: Uncategorized - Administrator @ 9:40 pm

Beidh mé ag bogadh go dtí http://miseaine.blogspot.com/ go luath, agus ní bheidh a thuilleadh uaim ar an suíomh seo creidim. Níl ann ach go bhfuilim ag bogadh tí i láthair na huaire, nó in ainm agus a bheith ar aon nós, agus shíl mé go mbeidh sé go deas suíomh eile scríbhneoireachta a ullmhú ag an am céanna.

B’fhéidir nach bhfuil ann ach ‘nóisean’ nó rámhaille. Mar sin féin, bhí scrúdú agam aréir a chuir deireadh le seal fada foghlama i mo shaol agus ba mhaith liom tús a chur le seal úr eile, ceann a ligfidh dom peann a chur ar pár, nó fiú méar a chur ar ríomhaire, ó am go chéile, gan a bheith ag súil le marcanna a thuilleamh ón iarracht!

Tá sos beag de dhíth, agus beidh mé libh i gceann seachtaine nó mar sin. Más mian libh casadh liom, is ag an seoladh sin thuas a bheas mé amach anseo, agus beidh fearadh na fáilte romhaibh. Go dtí sin, beir greim ar an mbua agus ar an mbeannacht seo uaim!  

March 30, 2009

Beidh mé ar ais!

Filed under: Uncategorized - Administrator @ 8:43 am

Tá cúrsaí an tsaoil mo choinneáil ón mblag seo i láthair na huaire, ach beidh mé ar ais gan mhoill - tá súil agam!

March 5, 2008

Wow!

Filed under: Uncategorized - Administrator @ 5:33 pm

Chaith mé an oíche aréir san árasán anseo ag iarraidh ceann de na tograí sin a bhíonn le déanamh againn go rialta a chríochnú. Togra ceamara amháin atá ann an t-am seo i.e. gan gá le fuaim a chur leis an bhfís, agus caithfimid 6 cinn de sheatanna a aimsiú sna seánraí éagsúla mar dathanna agus codarsnacht, línte agus cruthanna, frámú, portráid, patrún agus rithim, agus fíochán. Dúirt Mags go bhfuil sí ag iarraidh an ‘Wow!’ fachtóir a fheiceáil iontu uile - nó ar a laghad i gceann amháin!

 

Tá daoine ann atá in ann an ‘Wow!’ sin a fheiceáil gan stró ach níl mise ar dhuine acu. Chuir mé m’iníon ar mire oíche Dé Satharn agus muid istigh i bhFóram na Mílaoise i nDoire ag freastal ar ócáid sa halla éisteachta.  Ní ag éisteacht a bhí mise ach ag breathnú go bhfeicfinn an raibh aon cheo a d’fhéadfainn taifeadadh a dhéanamh air do mo thogra. Is dócha go raibh cuma amhrasach orm ag am sosa agus mé ag dul ó áit go háit le mo cheamara beag ag cuardach ábhar suimiúil do Mhags mar tháinig beirt mhaor ón áit chomh fada liom agus d’iarr orm céard sa diabhal a bhí ar bun agam. Bhí m’iníon náirithe agus is ar éigin atá sí ag labhairt liom ó shin! Mar sin féin, fuair mé seat nó dhó den mhúrmhaisiú mósáic atá acu istigh san áit a fhad agus a choinnigh m’iníon dhathúil comhrá leis an mbeirt acu.

 

Ar ais san árasán, rútáil mé chuile áit gur thosaigh mé ag cur stuif le chéile ag déanamh iarrachta an ‘Wow!’ fachtóir sin a chruthú do Mhags. Ghlac sé dhá uair an chloig orm ceithre seat a fháil agus bhí an t-allas ag titim díom i rith an ama. Ar maidin inniu, agus is mór an mhaith nach raibh maor ar bith timpeall na háite, bhí mé ag siúl timpeall an tí ag cuardach ‘Wow!’ ag a hocht a chlog ar maidin. Chaithfidh sé nár éirigh sé chomh luath liom féin mar níor éirigh liom theacht air in aon áit.

 

Níl a leithéid de rud ann agus uaireanta rialta scoile ar an gcúrsa seo. Caithfear a bheith istigh san Acadamh ag a 9.30 ar maidin ach ní hé sin le rá go mbeidh tú réidh le dul abhaile ag 5.30 tráthnóna. Má tá tionscadal le déanamh, agus bíonn i gcónaí, d’fhéadfá bheith ag obair air ó mhaidin go hoíche. Ní chuile dhuine a dhéanann sin ar ndóigh ach déanann na scoláirí díograiseacha é. Níl againn ach am ar leith le tionscadal a chríochnú agus caillfear marcanna mura mbíonn sé istigh in am. Ta fáth leis sin ar ndóigh. Bíonn sprioc-am i gceist le chuile rud i meán na teilifíse agus caithfidh muid taithí a fháil ar an mbrú a bhíonn i gceist leis sin chomh maith le taithí oibre a fháil.

 

Fuaireamar DVD’s den dá chlár a rinneamar le lucht an Acadaimh ón gCeathrú Rua a bhí linn ar feadh coicíse an mhí seo caite. ‘Dushlán’ agus ‘Nuacht Aduaidh’ na hainmneacha a tugadh don dá chlár agus is é Ray a chur na DVD’s le chéile dúinn. Is duine uasal é Ray s’againne. Cé nach bhfuilim féin ag plé leis an eagarthóireacht níos mó, bím ag baint úsáide as an trealamh istigh sa seomra eagarthóireachta ó am go chéile. Mar is eol daoibh faoin am seo, nílim iontach ag an gcineáil sin oibre ach cuidíonn Ray liom am ar bith a bhím istigh ag obair ann. Sin an sórt duine é. Cuidiúil agus cairdiúil. Tá Mary ar an gcaoi chéanna. Cé nach raibh rang againn léi inniu, chaith sí dhá uair a chloig ag freagairt ár gceisteanna maidir le píosa trealaimh nua a fuaireamar don rang fuaime. Tá mé cinnte go raibh neart eile le déanamh aici seachas a bheith ag caitheamh ama linne ach chaith sí linn go fial é.

 

Sin rud a thug mé faoi deara faoina léachtóirí uile san áit. Bíonn siad sásta a gcuid ama a roinnt linn, fiú taobh amuigh de na huaireanta ranga atá leagtha amach dúinn. Inniu, mar shampla, agus mise ag plé le tionscadal ceamara istigh i seomra liom féin, tháinig Mags agus Carmel isteach ag amanna difriúla le cinntiú go raibh ag éirí go maith liom. Shuí siad liom agus chuir siad comhairle orm. Maidir le Conchúr agus Mícheál, táim cinnte go bhfuil an bheirt acu bréan de na ceisteanna uile a bhím ag cur orthu maidir le gramadach na Gaeilge ach ní cheapfá sin ón bhfáilte a chuireann said romham am ar bith a bhuailim cnag ar dhoirse a n-oifigí. Cé nach gá domsa freastal ar na ranganna ríomhaireachta, ligeann Eoghan dom suí isteach ar na ranganna agus cuidíonn sé liom nuair a bhíonn taispeántas PowerPoint le cur le chéile agam do rang éigin eile. Maidir le hÉamonn atá i gceannas na háite, bíonn sé soicheallach i gcónaí, cé go mbíonn a chloigeann sáite sa ríomhaire agus san obair am ar bith a dtagaim féin agus mo cheist chun cuairte ar a oifig. Ní féidir a dtacaíocht a shárú.

 

Tá cóisir ag mo neacht i nGaillimh ag an deireadh seachtaine. Beidh sí 21. Seo an chéad uair a bheas muid uile, an mhuintir in Éirinn, le chéile mar chlann ó bhásaigh Ciara agus níl a fhios ag mo chroí ar chóir dó bheith brónach nó áthasach dá bharr sin. Cibé ar bith, beidh mé ann agus táim cinnte go mbeidh spiorad álainn mo dheirféar linn ar dhóigh amháin nó ar dhóigh eile.

February 26, 2008

Ag obair go dian

Filed under: Uncategorized - Administrator @ 9:09 am

Ní féidir codladh go headra ar an gcúrsa seo (cé go bhfuil mic léinn a dhéanann sin muise!) mar go mbíonn togra i ndiaidh togra le déanamh againn. Le coicís anuas, bhíomar gnóthach go maith arís. Bhí orainn CV agus litir iarratais a chur le chéile agus ansin agallamh bréige a dhéanamh le Carmel agus le hÉamonn. Bhí taighde i gceist mar go raibh gach rud faoi TG4 le foghlaim (post le TG4 a bhí ar fáil mar dhea) chomh maith le heolas a fháil maidir leis an bpost é féin.
Níl mé go maith ag aisteoireacht agus níor bhain mé sult as an togra seo caithfidh mé a rá. Bhí orm ligean orm féin nach raibh aithne agam ar an mbeirt a bhí do mo chur faoi agallamh, Carmel agus Éamonn, cé go bhfuil aithne mhaith agam orthu, agus bhí orm ligean orm féin go raibh said ag obair le TG4 agus go raibh mise ag iarraidh poist leo mar mhaor craolacháin. Ní raibh sé easca agus ní dhearna mé agallamh chomh nádúrtha agus a dhéanfainn dá mbeinn i ndáiríre faoi phost a fháil in TG4. Mar sin féin, cleachtadh maith a bhí ann agus thug Carmel agus Éamonn aischothú dom ar na laigí agus ar na láidreachtaí san iarratas agus san agallamh.

Thugamar aghaidh ar an mórshiúl i mBéal Feirste ar an Satharn, áit a chaitheamar lá ag déanamh agallamh le haíonna éagsúla agus ag caint leis na daoine a ghlac páirte sa mhórshiúl. Ceiliúradh ar son na Gaeilge agus ar son na héagsúlachta a bhí sa mhórshiúl agus bhí an lá go hálainn ar fad.  Bhí trí mhír le fáil againn, ceann ar an gCultúrlann ar Bhóthar na bhFál, ceann ar an eagraíocht Pobal a d’eagraigh an mórshiúl, agus ceann ar Chiste Craoltóireachta na Gaeilge atá anois i mbaol mar go bhfuil seans ann nach mbeidh maoiniú le fáil aige ón rialtas sa Tuaisceart ó 2009 ar aghaidh.
Is leis an gCiste sin a bhí mé féin ag plé agus rinne mé agallamh le hÁine Bhreathnach, ceannasaí an Chiste, agus rinne mé agallamh eile le Pilip Mac Cathmhaoil, stiúrthóir le Tobar Productions i mBéal Feirste. Daoine uaisle an bheirt acu, ach caithfidh mé mo bhuíochas ar leith a ghabháil le Pilip a chuir a oifig ar fáil dúinn ar feadh an lae. Mar gheall air sin, bhíomar in ann na hagallaimh a dhéanamh ann agus an trealamh a fhágáil ansin seachas a bheith a hiompar chuile áit linn nuair nach raibh gá leis.

Bíonn go leor oibre i gceist le clár mar seo a chur le chéile. Bhí cruinnithe réamhléirithe againn le Carmel go rialta sula ndeachamar go Béal Feirste, gan trácht ar chruinnithe rialta foirne le stiúrthóir sinsearach an chláir, Eoghan ón rang. Nuair a bhí na míreanna uile socraithe leis na foirne ar leith, bhí orainn ár gcruinnithe foirne féin a bheith againn ansin. I bhfoireann s’againne, bhí mise mar thaighdeoir/láithreoir, Bríd mar thaighdeoir/ceamaradóir, Diego mar stiúrthóir/eagarthóir agus Conchubhair mar dhuine fuaime. Sa mhullach ar an taighde a bhí le déanamh agam don mhír, bhí orm casadh go rialta leis na láithreoirí eile agus cleachtadh oibre a dhéanamh leo siúd freisin.
Tháinig Ray, Mary agus Carmel linn ar an lá. Is cuma cén íocaíocht atá na daoine seo ag fáil mar léachtóirí, ní féidir leo íocaíocht chuí a fháil ar an méid ama a chaitheann siad go fial linn ar na tograí ranga seo. D’fhágamar an Acadamh ag a seacht a chlog ar maidin agus ní rabhamar ar ais go dtí go raibh sé deireanach go maith sa lá. Bhí Mary, Ray agus Carmel linn i rith an ama, ag cuidiú agus ag comhairliú mar ba ghá, agus sin ag an deireadh seachtaine! Cá bhfaighfeá a leithéid de thacaíocht ach ó dhaoine atá iontach tugtha dá bpoist agus do na mic léinn faoina gcúram. Tá an t-ádh orainn agus is maith atá a fhios againn uile é.  

Tá na heagarthóirí, Eoghan, Diego agus Fionntán tar éis na míreanna éagsúla a chur le chéile agus beidh an taispeántas cláir againn an Luan seo chugainn. Bhí taifeadadh le déanamh ar thrí fhógra don bhriseadh i lár an chláir chomh maith, rud a rinneamar an tseachtain seo caite freisin. Roghnaíodh na trí fógraí roimh ré, ceann Aonghuis, ceann Éamoinn, agus ceann Chormaic. Bhí mé mar aisteoir i gceann Chormaic agus rinne mé thar guthú ar cheann Éamoinn.  
Dé Luain agus Dé Máirt, bhí scrúduithe praiticiúla againn le Mags agus le Mary ag plé le ceamara agus le fuaim. Fuaireamar aischothú ar na scrúduithe ar an Máirt agus bhí mé breá sásta leis an dul chun cinn atá déanta agam ón Nollaig. Tá mé eolach go maith ar an gceamara agus ar an meascthóir fuaime faoin am seo. Níl uaim ach tuilleadh cleachtaidh a dhéanamh leis an gceamara, rud a bheidh mé a dhéanamh an tseachtain seo mar tá togra eile le déanamh – mar is iondúil! Tuilleadh faoi sin amach anseo.

D’eagraigh Carmel turas ranga dúinn agus chaitheamar Déardaoin agus Aoine na seachtaine seo i nGaillimh ag foghlaim faoi earnáil na teilifíse. Ar an Déardaoin, chaitheamar an mhaidin i dteach áise Telegael ar an Spidéal agus, ina dhiaidh sin, ar shuíomh Eo Teilifíse ag foghlaim faoin bpróiseas atá i gceist leis an gclár Ros na Rún a chur le chéile. D’fhanamar thar oíche i mbrú álainn glan ar Bhóthar na Céibhe i gCathair na Gaillimhe, agus is againn a bhí an craic i dteach tábhairne na Céibhe chomh maith! Ar maidin Dé hAoine, bhíomar thiar i gConamara arís, agus lucht TG4 ag tabhairt aire mhaith dúinn agus ár dtaispeáint timpeall na háite. Dhá lá iontach suimiúil caite againn ag foghlaim faoi mheán na teilifíse agus d’fhoghlaimíomar go leor, ár mbuíochas do Charmel agus na daoine sna hearnálacha éagsúla a chaith am linn ag freagairt ár gceisteanna agus ár gcur ar an eolas faoi céard atá i gceist leis na jabanna ar leith.
Taobh amuigh de na himeachtaí sin, bíonn ranganna rialta againn chuile lá a mbímid san Acadamh. Bíonn ranganna ríomhaireachta againn le hEoghan agus ranganna Gaeilge le Conchúr, chomh maith leis na ranganna le Carmel, Ray, Mags agus Mary. Sa mhullach ar m’ualach oibre, táim ag plé le dioplóma i scileanna aistriúcháin ar an gCéadaoin freisin agus bíonn go leor obair baile i gceist leis.

Ní raibh a fhios agam nuair a thosaigh mé orthu go raibh an oiread seo oibre i gceist leis an dá chúrsa san Acadamh ach is minic a bhím buíoch go bhfuilim chomh gnóthach seo. Níl am agam díriú go hiomlán ar an mbuairt mhillteanach atá sa chúlra ag fanacht liom chuile lá ó bhásaigh Ciara. Buairt iarchurtha atá ann ar ndóigh agus is maith atá a fhios agam é.

February 10, 2008

An Dara Seachtain

Filed under: Uncategorized - Administrator @ 3:15 pm

 

‘Dúshlán’ an t-ainm a roghnaíodh don irischlár a bhí le taifeadadh againn ar an gCéadaoin, os cionn seachtain ó shin. Bhí ceathrar d’fhoireann na Ceathrún Rua le aghaidh a thabhairt ar dhúshláin éagsúla agus bhí Áine, ó ghrúpa s’againne, le aghaidh a thabhairt ar an bhfeirmeoireacht. Sé sin, bhí uirthi tabhairt faoi obair fheirme – don chéad uair riamh!
Bhí tús le cur leis an scannánaíocht ar an gCéadaoin. Ar an Luan, fuaireamar an scéal nach mbeadh an feirmeoir a bhí aimsithe againn do mhír s’againne in ann cabhrú linn mar go raibh tinneas ar a bhean. Bhíomar i bponc! Mír chúig nóiméad le cur le chéile don irischlár ar an gCéadaoin agus gan scéal ar bith againn ar an Luan. Chuireamar cloigne le chéile agus, ar an Máirt, le cuidiú ó shnámhóir/tiománaí an acadaimh, Briain, d’éirigh linn lucht gharáiste McFaddens ar an mBun Beag a fháil le cuidiú linn. Bhí Áine le bheith ina meicneoir anois – don chéad uair riamh! An dúshlán? Bhí uirthi rotha cairr a athrú taobh istigh de 10 nóiméad.
Maidir leis an triúr eile, bhí ar Deborah bricfeasta a réiteach in óstán, bhí ar Dhiarmaid ‘chest wax’ a fháil, agus bhí ar Aoife damhsa ar an sean-nós a fhoghlaim. Ní raibh acu uile ach lá amháin le teacht chun cinn ar na dúshláin éagsúla agus, dá bhrí sin, ní raibh againne, na daoine teicniúla, ach lá amháin le taifeadadh a dhéanamh. Bhí cúis imní againn. Bhí mise i mo cheamaradóir, rud nach ndearna mé roimhe ach ar éigin. Ní faoin gceathrar eile amháin a bhí dúshlán! Chaith mé an Mháirt ag cleachtadh, chaith Mags súil ar m’iarrachtaí agus dheimhnigh sí nach ndéanainn praiseach iomlán den rud. Bhí an ceart aici. Cibé caoi a ndearna mé é, d’éirigh liom na seatanna a fháil ar an gCéadaoin gan stró – é sin nó rinne Eoin jab iontach sa seomra eagarthóireachta! Agus d’éirigh le hÁine an rotha a athrú, cé gur ghlac sé níos mó ná 10 nóiméad.
Bhí an-chraic ar fad againn le fir an gharáiste. Cé go rabhamar ansin ar feadh an lae, cúigear criú agus trealamh chuile áit againn, agus cé go raibh siad iontach gnóthach an t-am ar fad, chaith siad go flaithiúil linn agus chuidigh siad linn go mór. Bhí Gerry, an meicneoir, iontach ag múineadh Áine agus shílfeá gur chaith sé a shaol os comhair an cheamara, cé gurb é an chéad uair aige é.  Fir uaisle iad uile, an t-úinéir, Noel, san áireamh. Nár laga Dia iad.
An mhaidin dár gcionn, bhí seatanna an stiúideo le taifeadadh. Shíl mé féin nach mbeadh le déanamh agam ach bheith i mo shearbhónta gach cúram nó, níos fearr arís,  i mo shearbhónta gan cúram, ach ní mar sin a tharla. Bhí ár múinteoir fuaime, Mary, romham sa stiúideo agus an scéal aici go raibh mise is gceannas na fuaime don chuid sin den chlár. Shílfeá ó Mhary go raibh sí tar éis seodra an domhain a shíneadh chugam nuair a chuir sí an meascthóir fuaime isteach i mo lámha, ach ní raibh le feiceáil agamsa ach buama! Buama le haidhníní ag teacht amach as chuile áit!
Le tuiscint a fháil ar fháth mo bhuartha, caithfear tuiscint a bheith agat ar an meascthóir fuaime. Is bosca é atá ar chomh-mhéid le bosca Milk Tray agus go hiondúil ní bhíonn gá ach le cábla amháin a bheith ceangailte leis ag dul go dtí an ceamara, le cábla eile ag dul go dtí an glacadóir fuaime. Istigh i stiúideo, le cúigear ag labhairt, teastaíonn cúig ghlacadóir fuaime agus trí cheamara. Bhí cáblaí chuile áit. Agus theastaigh dhá mheascthóir fuaime, greamaithe le chéile le tuilleadh cáblaí. Bhí sé sin sách dona ach d’éirigh liom féin agus Bríd, mo chúntóir fuaime, gach rud a shocraigh suas go maith, le cuidiú nach beag ó Mhary. Ní raibh deireadh le mo chrá muise! Tá an oiread sin cnapaí ar mheascthóir fuaime (agus dhá oiread ar phéire!) agus go dteastódh uait bheith i d’ Einstein le súil agus smacht a choinneáil orthu uile. Níor bhain mé mo shúil den dhá mheascthóir a fhad agus a bhí na haíonna ag labhairt, agus níor bhain Mary a súile díomsa. An méid sin ráite, tá Mary cliste. Bhí a fhios aici go maith go ndéanfainn an jab le díograis agus le cúram, agus go ndéanfainn é gan stró le Bríd le mo thaobh. Tá Bríd iontach ag plé le fuaim agus bhí an t-ádh liom go raibh sí mar chúntóir agam an lá sin. Beirt bhan mhisniúil a bhí ionainn an lá úd.
Tháinig an clár le chéile go hiontach. Bhí Diarmaid, Áine, Aoife agus Deborah iontach mar aíonna agus mar dhaoine dúshláin, iad chomh nádúrtha os comhair an cheamara, chomh maith céanna is dá mbídís á dhéanamh le blianta. Bhí Aonghus thar barr mar stiúrthóir ar an gclár iomlán agus rinne Cormac jab ar dóigh mar bhainisteoir urláir. Chuirfeadh sé iontas ort an méid atá i gceist le clár a chur le chéile, ach chuirfeadh sé a dhá oiread iontais ort an méid atá foghlamtha againn mar mhic léinn ó thosaíomar ar an gcúrsa seo.
Shílfeá go mbeadh sos beag againn an tseachtain seo ach níl stop leis an mbrú. Cuireadh trí thogra úra os ár gcomhair an tseachtain seo caite. Bhí orainn clárscéal a chur le chéile maidir le fógra, agus cur i láthair a dhéanamh air ar an gCéadaoin sa rang. Rinne mise ceann ar chaomhnú na teanga ach níor éirigh leis na vótaí a fháil ón rang. Roghnaíodh trí cinn le taifeadadh agus tá tús curtha ag an rang leo cheana. Beidh mise ag plé leis an bhfuaim ar cheann acu. Caithfidh siad a bheith réidh don Chéadaoin seo chugainn.  Chomh maith leis sin, tá CV agus litir iarratais le bheith istigh againn le hÉamonn agus Carmel ar an gCéadaoin freisin.. Beidh agallaimh bhréagacha againn leo an tseachtain dar gcionn do phost mar ‘Maor Craolacháin’, cibé rud é sin. Tá taighde le déanamh!

Sa mhullach ar an obair sin uile, tá clár le cur le chéile againn an tseachtain seo chugainn, maidir leis an mórshiúl a bheidh i mBéal Feirste Dé Satharn seo chugainn. Tá mise i mo thaighdeoir don chlár, agus beidh mé ag láithriú ar an láthair ar an lá. Ní haon ionadh go bhfuilim spíonta!

January 29, 2008

Ag teacht le chéile

Filed under: Uncategorized - Administrator @ 9:29 am

Sin an chéad tseachtain curtha isteach againn le dream Acadamh na Ceathrún Rua agus tá an clár nuachta críochnaithe againn. Ní fhaca mé é fós ach beidh an taispeántas sa rang amárach sula dtosóimid ar an irischlár. Ar ndóigh, is ag an am sin a bheidh na botúin le feiceáil, má bhíonn a leithéid ann! 
D’oibríomar go maith le chéile mar fhoireann. Bhí mé féin ag plé leis an bhfuaim, Eoin ar an gceamara, Pádraig ag eagarthóireacht, agus lucht na Ceathrún Rua ag láithriú (John Joe), ag léiriú (Lorraine) agus ag stiúradh (Áine). Bhí foireann s’againne ag plé le goid aitheantais (identity theft),  Bhíomar ag roinnt agus ag éisteacht le moltaí a chéile mar ba ghá, cé gur ag Áine a bhí an focal scoir mar stiúrthóir. Agus is maith an rud gur oibríomar chomh maith sin lena chéile mar go rabhamar taobh amuigh ag taifeadadh sa bháisteach agus sa stoirm trí lá as a chéile. Bhíomar báite go craiceann agus is ar éigin a bhí mothú ar bith fanta inár lámha leis an bhfuacht.
Caithfidh mé a rá gur bhain mé an-sult as an tionscadal, fiú go ndearna mé féin botún mór amháin. Thángamar ar ais lá amháin de na laethanta taifeadta agus ní raibh fuaim ar bith le cloisteáil ón téip, cibé rud a rinne mé mícheart! Amach leis an bhfoireann arís sa bháisteach agus sa stoirm agus bhí orthu an giota sin a thaifeadadh ina iomláine arís. Ach is daoine cineálta iad agus ní dúirt siad a dhath leis an óinseach seo ach ‘is cuma – táimid uile ag foghlaim’. Is léir go bhfuil níos mó le foghlaim ag cuid againn ná ag an gcuid eile!
Níl sa taifeadadh ach cuid den scéal. Bhí na heagarthóirí ag fanacht leis na téipeanna ar ais uainne agus thosaigh siadsan ar a gcuid oibre ansin, ag gearradh agus ag spladhsáil go dtí go raibh cruth curtha acu ar na píosaí nuachta ó na foirne éagsúla. Bhí na cheithre phíosa le ceangal le chéile ansin leis an láithriú a taifeadadh sa stiúideo ar an Aoine. Bhí eagarthóireacht le déanamh ar an seatanna scoite ó na foirne éagsúla freisin, don bheochan tosaigh. Bhí deatach á bhaint as an Avid agus bhí deatach allais as na heagarthóirí ach d’éirigh leo. Bhí an clár críochnaithe ag am lóin ar an Satharn. Maith iad agus Ray s’againne a d’fhan leo le comhairle a thabhairt mar ba ghá.

Seachtain eile romhainn agus mise ag plé leis an gceamara an geábh seo. Glacaigí leis anois go mbeidh níos mó ná botún amháin uaimse don chlár seo. Níl mórán cleachta agam leis an gceamara agus beidh sé ina raic agus ina chraic cheart! Ach nílim buartha – fós ar aon nós. Bíonn Mags agus Mary s’againne, agus Seán ó Acadamh na Ceathrún Rua ag coinneáil súil mhaith orainn agus bíonn siad linn, nó réidh le teacht chugainn, le cuidiú linn nuair atá ceist nó fadhb éigin le réiteach ar an láthair. Is mór an mhaith sin.

January 19, 2008

Ar aghaidh linn!

Filed under: Uncategorized - Administrator @ 7:21 pm

Nach iontach chomh sciobtha agus a théann an t-am thart agus duine gnóthach. Roimh an Nollaig, is ar éigin a bhí deis agam m’anáil a tharraingt leis an méid a bhí le déanamh agam leis an dá dioplóma san Acadamh.
Níor éirigh liom fiú agus pas a fháil sa scrúdú eagarthóireachta a bhí agam ar an Luan sin i Mí na Samhna, ach d’éirigh liom ‘C’ beag a fháil don fhíseán ceoil ina dhiaidh sin. Tá mé ag fáil an cheann is fearr ar an eagarthóireacht úd ar deireadh is ar siar agus d’éirigh liom pas a bhaint sa scrúdú praiticiúil ag am Nollag. Chuidigh leaid óg, Fionntán, atá ag an gcúrsa go mór liom. Tá tuiscint mhaith aige ar an Avid agus shuí sé taobh liom ag an ríomhaire lá nó dhó roimh scrúduithe na Nollag go dtí go raibh sé cinnte go raibh mo dhóthain eolais agam istigh i mo chloigeann le go bhfaighinn pas. Rinne sé jab maith bail ó Dhia air. Níl sé ach seacht mbliana déag ach tá béasa agus tuiscint agus foighne aige a chuirfeadh gliondar ar do chroí dá mbeadh a leithéid uait – agus eolas i do chloigeann dá mbeadh a leithéid de dhíth!
Sin an rud is fearr faoi rang s’againne – bímid ag cuidiú lena chéile an t-am ar fad. Don fhíseán ceoil, chuidigh Bríd, Ciara, Diego, Éamonn agus Aonghus liomsa nuair a bhí aisteoirí uaim. B’ionann le chuile fhíseán. Bhíomar uile ag tacú lena chéile. Bhí taispeántas na bhfíseán againn sa rang inné agus d’aithneofá m’aois ó mo thionscadal. Bhí m’fhíseán staidéarach ciallmhar, agus gan mórán maisíochta (special effects) curtha agam leis i gcomparáid leis an dream óg. Tá samhlaíocht iontach acu uile agus bhí sin le feiceáil sna físeáin bheo bhríomhara a chuir siad os ár gcomhair inné; bhí dath agus aicsean, beatha agus bás, greann agus gruaim, doiléire agus soiléireacht fite fuaite trína cheile; fís agus fuaim ag preabarnach ar an scáileán, ag spreagadh gáire agus gliondair sa seomra. Nár laga Dia beocht na beatha atá i gcroíthe na ndaoine óga sin atá sa rang liom. Cuireann siad splanc le mo spiorad féin nuair a thosaíonn sé ag maolú ó am go chéile.
Bhí seachtain staidéir againn roimh an Nollaig agus theastaigh sí go géar ón mbean seo. Cibé marcanna a bhí caillte agam san obair phraiticiúil, bhí deis agam iad a fháil ar ais sna scrúduithe scríofa, nó ar a laghad an grád a tharraingt suas beagán! Bhí seacht gcinn acu romhainn ag plé le ceamara, fuaim, eagarthóireacht, dlí, sábháilteacht, margadh na teilifíse agus Gaeilge. Fuaireamar na torthaí an tseachtain seo agus ní raibh cailleadh ar bith ar mo chinn féin. Ní ligfidh an mhodhúlacht liom ach an méid seo a rá – bhí mé breá sásta leis an dreapadóireacht a rinne mé ar dhréimire na haibítre. Is deise i bhfad iad na litreacha ag a bharr.

Tá coicís shuimiúil amach romhainn. Tá dream an Acadaimh ón gCeathrú Rua i nGaillimh, na mic léinn a bhíonn ag plé le léiriú agus stiúrthóireacht, ag teacht aníos go Gaoth Dobhair agus beidh orainn dhá chlár a chur le chéile a fhad agus atá siad linn i.e. clár nuachta agus irischlár. Beidh muidne ag tacú leosan mar fhoireann theicniúil. Beidh cheithre ghrúpa, le seisear ón dá Acadamh i ngach aon ghrúpa, triúr againne agus triúr acusan. Beidh a scéal féin le cur le chéile ag gach grúpa agus beidh dhá chlár iomlán le déanamh as na scéalta sin. Beidh mo ghrúpa, nó an grúpa ina mbeidh mise páirteach is córa a rá, ag plé le gadaíocht aitheantais don chlár nuachta agus le feirmeoireacht don irischlár. Beidh mise i mbun fuaime don chlár nuachta agus i mbun an cheamara agus an scannánaíocht don irischlár.  Dia idir sinn agus an anachain!

Get free blog up and running in minutes with Blogs.ie
Theme designed by Janis Joseph